Information in English at foot of page.
Forbhreithniú ar Linguaphone Conversational Course: Irish
Míċeál Ó Loċlainn a scrígh.
Foilsithe: 25ú Mí an Mhárta 2024.
Chun dáta: 22ú Mí Deireadh Fómhair 2024.
Tomás Ó Máille (1880–1938) agus Mícheál Breathnach (1886–1987) a réitigh an cúrsa Linguaphone seo. An Breathnach agus Mícheál Ó Maoláin (1881–1956) agus a sholáthair glórtha na bhfear. Máire Ní Ghuairim is ea a sholáthair glór na mná.
Is ró‑dhócha gur deineadh an taifeadadh i mbliain a 1927 agus gur céadfoilsíodh an cúrsa in earrach nó i samhradh 1928. 22.2.’28
an dáta atá tabhartha i réamhrá Sheoirse Mhic Niocaill i leabhar cúrsa an dara heagráin. Níl fáil agam ar leabhar cúrsa an chéad eagráin agus tá an dáta ar iarraidh i leabhar cúrsa an tríú cinn. Mar sin féin, seans maith gurb é an réamhrá céanna atá iontu go léir.
Níor rith liom teideal an chéad eagráin a dheimhniú fós agus ní fheadar an raibh fo‑theideal air.
I mbliain a 1929 is ea a foilsíodh an dara heagrán de. The Linguaphone Irish Course an teideal a bhí air sin agus Irish in 30 Lessons an fo-theideal.
Lean an tríú heagrán i mbliain a 1931 agus is é atá curtha i láthair anseo. Linguaphone Conversational Course: Irish a bhí air.
I riocht bhoscra de cheirníní 78 RPM, i bhfochair leabhar cúrsa, a bhí Linguaphone Conversational Course: Irish.
Dheineas cóip de seo a dhigitiú ar ard-chaighdeán, idir na ceirníní 78 agus leathanaigh an leabhair, i 2020. Dhein Fionn Ó Sealbhaigh na taifid dhigiteacha fuaime a athmháistriú agus foilsíodh an léiriú digiteach ina iomláine in Coisín Shiúlach ar Lá Caille 2021 — deich mbliana is cheithre fichid is a céadfoilsíodh an t‑eagrán san. Aistríodh go Ceol na Mara é, fé mar is cóir, ar 25ú Mí an Mhárta 2024.
An tOllamh Tomás Ó Con Cheanainn, uncal le Séamas Ó Concheanainn, a bhí ina Riarthóir ar Áras Shorcha Ní Ghuairim ag an am, a bhron an boscra seo ar an Áras.



An réamh-ábhar
- An Clúdach Tosaigh.
- An Ceathrú Leathanach Inmheánach.
- An Leathanach Teidil.
- Preface.
- Contents.
- Guide to Irish Pronunciation.
- Urlaḃraíoċt (Phonetics).
Na ceachtanna
- An Chéad Cheacht. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Dara Ceacht. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Tríú Ceacht. (Máire, Mícheál ⁊ Seán.)
- An Ceathrú Ceacht. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Cúigiú Ceacht. (Mícheál, Máire ⁊ Seán.)
- An Séú Ceacht. (Seán ⁊ Máire.)
- An Seachtú Ceacht. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An tOchtú Ceacht. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Naoú Ceacht. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Deichiú Ceacht. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An tAonú Ceacht Déag. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Dara Ceacht Déag. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Tríú Ceacht Déag. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Ceathrú Ceacht Déag. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Cúigiú Ceacht Déag. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Séú Ceacht Déag. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Seachtú Ceacht Déag. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An tOchtú Ceacht Déag. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Naoú Ceacht Déag. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Fichiú Ceacht. (Máire, Seán ⁊ Mícheál.)
- An tAonú Ceacht ar Fhichid. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Dara Ceacht ar Fhichid. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Tríú Ceacht ar Fhichid. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Ceathrú Ceacht ar Fhichid. (Seán ⁊ Mícheál.)
- An Cúigiú Ceacht ar Fhichid. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Séú Ceacht ar Fhichid. (Máire.)
- An Seachtú Ceacht ar Fhichid. (Seán, Máire ⁊ Mícheál.)
- An tOchtú Ceacht ar Fhichid. (Mícheál ⁊ Seán.)
- An Naoú Ceacht ar Fhichid. (Seán ⁊ Máire.)
- An Triochú Ceacht. (Mícheál ⁊ Seán.)
Ábhar foghlama breise
- Irish Sounds. (Mícheál ar thaobh‑A ⁊ Seán ar an dtaobh tuathail.)
- Commercial Supplement.
- List of Irregular and Defective Verbs.
- Vocabulary.
Fógraíocht
Buíochas
Tá eagarthóir Cheol na Mara fé chomaoin acu seo ’ leanas:
Sliocht Mháire Ní Ghuairim — Martha, An tSiúir Eileen, Ciarán, beannacht Dé leis, ⁊ Rosanna go háirithe — a tacaigh leis an tionscadal so.
Muintir Ghuairim — Seán ⁊ Máire go háirithe — ar an gcúis chéanna.
Linguaphone Group — Chris Barry go háirithe — atá ag treabhadh i ngort na dteangacha le corraíocht is céad bliain, is a thug a bheannacht dúinn leagan digiteach den chúrsa a réiteach is a fhoilsiú. Linguaphone Group príomhshealbhóir bunaidh an chóipchirt ar an ábhar bunaidh.
Dónall Ó Braonáin, Dorothy Ní Uigín, Seathrún Ó Tuairisg ⁊ Veronica Ní Ghríofa, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a thug tacaíocht riaracháin.
Fionn Ó Sealbhaigh, a dhein athchóiriú ar na léirithe digiteacha des na ceirníní 78.
An overview of Linguaphone Conversational Course: Irish
Published: 25th March 2024.
This Linguaphone course was prepared by Tomás Ó Máille and Mícheál Breathnach.
Máire Ní Ghuairim provided the lady’s voice for the audio recordings. Breathnach and Mícheál Ó Maoláin provided those of the men.
Three editions of the course were released.
The first was released in 1928; most probably in the spring or summer of that year. I don’t know the title under which the it was published, nor if it had a sub-title.
The second edition was released in 1929, titled The Linguaphone Irish Course. and sub-titled Irish in 30 Lessons.
The third, the one presented here, was released in 1931 under the title Linguaphone Conversational Course: Irish.
Linguaphone Conversational Course: Irish was released as a box set of 78 RPM records accompanied by a course book.
I prepared a high-quality digitisation of a copy of the course, both the 78s and the pages of the book, during 2020. The digital audio recordings were then remastered by Fionn Ó Sealbhaigh and the full digital realisation published in Coisín Shiúlach on New year’s Day 2021 — ninety years after that edition was released. It was moved here to Ceol na Mara, as is proper, on 25th March 2024.
This copy had been given to Áras Shorcha Ní Ghuairim by Professor Tomás Ó Con Cheanainn, an uncle of Séamas Ó Concheanainn, who was at the time the Administrator of the Áras.


