Seoladh Láithreáin: Ceol na Mara

Tráthnóna samhraidh i Roisín na Maithníoch

Taifeadta: 5ú Mí Bealtaine 2024

Foilsithe: 31ú Mí na Bealtaine 2024.

Seoladh an láithreán so go hoifigiúil ar 5ú Mí Bealtaine 2024.

In Áras na hOllscoile, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Roisín na Maithniach is ea a bhí an ócáid seolta, mar chuid de chlár Fhéile Joe Éinniú.

Séamas Ó Concheanainn, an Coimisinéir Teanga agus Iar-Riarthóir Áras Shorcha Ní Ghuairim, a sheol.

Blaisíní den ócáid sin atá sa bhfíseán seo ’ leanas.

Blaisíní de sheoladh an láithreáin Ceol na Mara.
I ndílchuimhne ar Fhiachra ⁊ ar Chiarán Brady.

Ar fhógra an-ghearr is ea a socraíodh ar an ócáid a thaifeadadh. Ní raibh sé d’uain againn socaruithe cearta teicniúala a dhéanamh dá dheascaibh. In éagmais ceamradóra is ea a deineadh an scannánú agus in éagmais taifeadóra fuaime is ea a taifeadadh an fuaimrian!

Taifead aonta d‘ócáid dheas pobail i saol Ghaeltacht na Gaillimhe atá anso, mar sin féin. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as.

Buíochas

Gabhann eagarthóir Cheol na Mara buíochas ó chroí leo seo ’ leanas:

Séamas Ó Concheanainn.

Féile Joe Éinniú.

Muintir Bhrady ⁊ Muintir Ghuairim.

Gabhann sé buíochas fé leith le cliar Pheigín agus an Ga Gréine:

Máire Uí Chatháin.

Pádhraic Ó Guairim.

Bríd Ní Mhaoilchiaráin.

Máire Ní Neachtain.