Míċeál Ó Loċlainn a scrígh.
Anne Uí Dhonnacha, Conamara Láir, ⁊
Máire Bríd Bhreathnach a thóg na grianghraif.
Foilsithe: 20ú Mí Deireadh Fómhair 2024.
29ú Mí na Samhna 2024: Bhí Molscéal i láthair ag an airneán so ⁊ nár fhoilsíodar mír dheas air le déireannaí?

Cothrom trí fichid bliain is a cailleadh Máire a bhí ann ar an 15ú Deireadh Fómhair 2024 agus bhí oíche airneáin againn ag a seacht a chlog an Satharn dár gcionn in Áras Shorcha Ní Ghuairim, Roisín na Maithníoch, chun comóradh a dhéanamh uirthi.
Oíche álainn chomhluadair ab ea í, le plúr na n‑amhrán, na filíochta, an cheoil agus na scéalaíochta; mar aon le comhrá, caidreamh agus cur is cúiteamh.
Bhí Riocard ⁊ Seosamh Ó Guairim, Máire Uí Chatháin, Caitríona Ní Cheannabháin, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, Jackie Mac Donncha, Róisín Nic Dhonncha, Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus Mícheál Ó Maoilchiaráin i measc na n‑aíonna. Mícheál Ó Cuaig a bhí mar fhear a’ tí.
Cuireadh samplaí de shaothar Mháire i láthair lucht an airneáin: dánta dá cuid, taifeadadh a dhein sí don chúrsa foghlama teanga Linguaphone Conversational Course: Irish agus Peigín agus an Ga Gréine, ceann dá cuid gearrscéalta.
Cé gur comóradh ar Mháire a bhí ann, níor deineadh dearmad ar Shorcha, a deirfiúr. Labhair Róisín Nic Dhonncha uirthi sin agus dúirt Bríd Ní Mhaoilchiaráin leagan sainiúil an cheantair de Róisín Dubh in ómós di.
Níor deineadh dearmad ar Josie Ó Guairim ach an oiread; file agus gar‑nia le Máire is le Sorcha. D’aithris Máire Uí Chatháin, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin ⁊ Jackie Mac Donncha dánta in ómós dò agus thaispeáin Míċeál Ó Loċlainn gearrthóg físeáin de, is é ag aithris dhá dhán dá chuid, Fear! agus Cosa Cáma, ag Éigse an Spidéil 2008.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Conamara Láir a reáchtáil an t‑airneán.














