Irish Sounds

An taifead fuaime

Taobh‑A

Ceirnín na bhfuaimeanna, taobh‑A. Mícheál Ó Maoláin an cainteoir.

An taobh tuathail

Ceirnín na bhfuaimeanna, an taobh tuathail. Seán Ó Ruadháin an cainteoir.

Na leathanaigh bhunaidh

an ceirnín féin ⁊ an clúdaċ deannaiġ.

Ceirnín na bhfuaimeanna, ⁊ mant san imeall.
An clúdach deannaigh, ⁊ stracadh ann.

Nótaí

Nár baineadh mannt bheag as imeall an cheirnín seo uair éigean? (Féach ar an ngrianghraf.)

B’éigean dúinn an taifeadadh digiteach a thosnú — le láimh fhíor-stuama — laistigh di seo; rud a fhágann go bhfuil cuid mhaith de thosach an dá thaobh ar lár sa léiriú digiteach.

Tá imeall an clúdaigh dheataigh stractha leis. Pé rud a tharla, is deallraitheach go raibh an ceirnín laistigh de seo nuair a tharla sé. B’fhéidir go rabhadar lasmu’ den bhosca crua is gur thit rud éigint orthu? Nú b’fhéidir go rabhadar istigh ann agus gur leagadh an bosca síos ábhairín ró‑gharbh?

Ní fheadar cathain a bhain an tímpist seo don gceirnín ach níl lorg na blogha anois ann.

Mar sin féin — is ar ámharaíocht an tsaeil — an ceirnín seo an t‑aon cheann atá briste sa bhoscra agus níl de caillthe ach ruainne. Is mó 78 gur deineadh scileach de nuair a briseadh é.