Máire Ní Ghuairim

Máire Ní Ghuairim — beathaisnéis ghearr

Míċeál Ó Loċlainn a scrígh.

Foilsithe: 25ú Mí an Mhárta 2024.

Chun dáta: 19ú Mí Abráin 2025.

Réamhrá

I Roisín na Maithníoch a rugadh Máire Ní Ghuairim — Máire Mháirtín Bheairtle Mháirtín — ar an 6 Iúil 1896, ceantar ar leithinis Iorras Aithneach i gContae na Gaillimhe, ar chósta thiar na hÉireann.

Go dtí an lá inniu féin, tá Iorras Aithneach ar cheann de na ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Amhránaí sean-nóis fíor-oilte, scéalaí agus múinteoir a bhí báite sa dúchas ab ea Máire. Ar theacht in inmhe di le linn luath-bhlianta an stáit nua Éireannaigh, bhog sí go Baile Átha Cliath, áit ar ghlac sí páirt ghníomhach in Athbheochan na Gaeilge.

Máire Ní Ghuairim

Ar an talamh, mar mhúinteoir Gaeilge a dhein sí go leor dá cuid oibre ina leith seo ach scríbhneoir ab ea í leis. Chuir sí ábhar ar fáil do riar páipéar Gaeilge agus do pháipéir dhátheangacha. Láithreoir raidió ab ea í, a bhíodh ag craoladh ar na chéad stáisiúin raidió a bhí in Éirinn sular bunaíodh RTÉ.

Foilsíodh an láithreán seo, Ceol na Mara, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a chuir Máire le cultúr agus le saíocht na hÉireann agus d’fhonn samplaí dá saothar a chur ar fáil, roinnt mhaith de nach raibh fáil air le fada, fada an lá.

Glaodh Ceol na Mara go ceanúil ar an láithreán, i gcuimhne ar an gcnuasach gearrscéalta dá cuid a foilsíodh i mbliain a 1938.

Muintir ⁊ óige Mháire

Is cuid de cheantar Gaeltachta Iarthar na Gaillimhe é Iorras Aithneach; an ceantar Gaeltachta is mó ó thaobh na tíreolaíochta agus na teangeolaíochta de ina maireann an Ghaeilge i gcónaí mar theanga pobail. Dálta gach ceantar Gaeltachta eile a mhaireann, tá sé iarghúlta go maith agus tá Roisín na Mainiach suite suas le leathchéad míle siar ó Chathair na Gaillimhe; trí mhíle soir ó shráidbhaile Charna.

Seans maith go míníonn an iargúltacht seo de bheagán an fíor-shaibhreas cultúrtha a bhfuil cáil in airde ar an gceantar ina thaobh le fada riamh.

Suíomh Ruisín na Maithníoch á thoispeáint ar léarscáil na hÉirann.
Roisín na Mainiach.

Ní haon áibhéil é seo. In Folktales of Ireland (Ó Súilleabháin, 1966), dúirt an béaloideasóir Seán Ó Súilleabháin It is generally conceded that the parish of Carna, in West Galway, had more unrecorded folktales in 1935 than did all the rest of western Europe.

I gcroílár an phobail sin is ea a d’éirigh Máire Ní Ghuairim aníos.

Teach mhuintir Ghuairim i Roisín na Mainiach.

B’é Máirtín Bheairtle Mháirtín Ó Guairim athair Mháire agus b’í Ceaití Stiofáin Mhóir de Búrca a máthair. Aonar déag a bhí sa chlann:

Peadar
Rugadh: 1890.
Cailleadh: 1970; 80 bliana d’aois.
I SAM a cailleadh.
Bairtliméad
Rugadh: 1892.
Cailleadh: Mí na Samhna 1955; 63 bliana d’aois.
I SAM a cailleadh.
Cóilín
Rugadh: 1894.
Cailleadh: 1981; 87 mbliana d’aois.
Máire
Rugadh: 1896.
Cailleadh: Mí Deireadh Fómhair 1964; 68 bliana d’aois.
I mBaile Átha Cliath a cailleadh.
Bríd
Rugadh: 1899.
Cailleadh: ????.
John
Rugadh: 1901.
Cailleadh: 1914; 13 mbliana d’aois.
Máirtín Seosamh
Rugadh: 1903.
Cailleadh: Mí na Lúnasa 1974; 71 bliana d’aois.
I SAM a cailleadh.
Cáit
Rugadh: 1906.
Cailleadh: Mí an Mhárta 1980; 74 bliana d’aois.
I SAM a cailleadh.
Pádraic
Rugadh: 1908.
Cailleadh: Mí an Mheithimh 1987; 79 mbliana d’aois.
Mícheál
Rugadh: 1909.
Cailleadh: ????.
Sorcha
Rugadh: 1911.
Cailleadh: Mí na Nollag 1976; 65 bliana d’aois.
I Londain Shasana a cailleadh.

Príomh-fhoinse: Ó Loċlainn (2024a).

B’í Sorcha an t‑amhránaí sean-nóis, an t‑iriseoir, léachtóir agus craoltóir, Sorcha Ní Ghuairim. In imeacht aimsire, mar a dhein Máire roimpi, chuaigh Sorcha féin go Baile Átha Cliath agus ghlac an pháirt ghníomhach chéanna san Athbheochan.

Máire ⁊ Sorcha sa gháirdín ag 21 Bóthar Oakley timpeall ar 1945.

Áras Shorcha Ní Ghuairim

I 1997, b’í Sorcha an chéad bhean riamh gur ainmnigh Ollscoil na Gaillimhe, mar atá anois uirthi, foirgneamh ina homós (Ó Concheanainn, 2020).

Áras Shorcha Ní Ghuairim.
Comhartha fáilthithe Áras Shorcha Ní Ghuairim.
Cómhartha aitheantais foirgnimh Áras Shorcha Ní Ghuairim.

Dátaí suntasacha i saol Mháire Ní Ghuairim

6 Mí Iúil 1896

Rugadh Máire.

18 Mí Iúil 1896

Baisteadh í i dTeampall Mhuire i gCarna.

Cólman agus Caite Ó hIarnáin a chuaigh chun baiste léi (Nolan, 2022). Bhí triúr Cólman Ó hIarnáin sa cheantar an uair sin — nú ceathrar, seans. Ní fheadair sinn cé acu Cólman, ná cé acu Caite, a chuaigh chun baiste le Máire. Ní fheadair sinn ach an oiread an rabhadar pósta nó an deartháir is deirfiúr a bhí iontu. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh, fiú, nach rabhadar pósta ná gaolta in aon chor.

Séipéal Mhuire atá air anois.

Séipéal Mhuire, feicithe ón mbóthar…
…is ón gcladach.

31 Mí an Mhárta 1901

Cláraíodh Máire sa bhfoirm do theaghlach Mháirtín do Dhaonáireamh na hÉireann (Chartlann Náisúnta, An, gd‑a) mar iníon feirmeora a bhí ceithre bliana d’aois. Cláraíodh triúr deartháireacha níos sine (Peadar, Bairtliméad agus Cóilín) agus deirfiúr amháin níos óige (Bríd) ná í. Níor tuairiscíodh go raibh Béarla ag Máire ná ag Bríd.

Foirm Daonáraimh A do theach Ghuairim, 1901.

Timpeall ar 1902

Chuaigh Máire ar scoil i gClochar na Trócaire i Roisín na Mainiach.

An Clochar i 2024.
Geata an Chlochair.

2 Aibreán 1911

Cláraíodh dáireág i dteaghlach Mháirtín i nDaonáireamh 1911, iad go léir dhátheangach, le Gaeilge agus Béarla (Chartlann Náisúnta, An, gd‑b).

Foirm Daonáraimh A do theach Ghuairim, 1911.

Timpeall ar 1915

Tugadh an iontráil seo chun dáta: 19ú Mí Abráin 2025.

Bhog Máire go Baile Átha Cliath.

Tá an dátú seo bunaithe ar ráiteas in Ar Lorg Shorcha (2007), gur [f]aoin am a ndeachaigh Sorcha ar scoil, bhí Máire ina múinteoir i mBaile Átha Cliath.

Bhí sí fostaithe mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Charúin ar an gCarraig Dhubh i gContae Átha Cliath. Bhí cónaí uirthi láimh leis an gColáiste ag an tráth sin, cúpla neomat an bóthar síos ar Ascaill Dhún Charúin,.

Ceann a’ bhóthair,
Ascaill Dhún Charúin,
i mbliain a 2025…
…máisea!
Nú an é ceann a’ bhóthair,
Ascal Dún Charúin? 😉
Dúiche Sheoigheach!

Dár le roinnt foinsí, is ag Uimhir 25 a bhí sí. Más amhlaidh atá, tá dhá chomhtharla beag ag baint leis.

An chéad cheann acu. Nár chónaigh clann James Joyce áirithe béal dorais, ag Uimhir 23, ó 1892–1893, tímpeall ar fhiche bliain ní ba thúisce? (Leabharlann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 2022.)

25 ⁊ 23 Ascaill Dhún Charúin
i mbliain a 2025.
Féach ar an leac atá
ar thosach Uimhir 23.

‘Leoville’ a bhí ar Uimhir 23 agus is í an ainm atá air i gcónaí. Dár le Bradley, (2009), [f]or about a year, when the Joyces were living in ‘Leoville’… [James] was permitted to study by himself, while his younger siblings went to the local convent school — Coláiste Dhún Charúin, gach seans.

grianghraf de ‘Leoville’, a tógadh i mbliain a 1963, i gCartlann Edward Quinn (Edward Quinn Archive, The., g.d.). Is féidir cuid den tigh a bhíodh ar thaobh na láimhe deise dhe (Uimhir 21?) a fheiscint ann. I mbliain a 2025, tá an tigh seo imithe, gan fágtha dhe ach cuid dá thús ⁊ é sin mar chrann taca do bhínn Uimhir 23. (Féach ar an ngrianghraf den chomhartha bóthair gorm, thuas.) Leagadh an tigh seo, seans, nuair a bhíothas ag glanadh na slí don N31.

Agus an tarna comhtharla? Dar le Diffley (2004), [As a] small boy [Joyce] left Clongowes [Wood Collage] because his father could no longer pay the fees. The family moved to 23, Carysfort Avenue, ‘Leoville’, just off Blackrock’s main street.. Nár fhreastail Ciarán, an mac ba shine le Mháire, ar an gcoláiste céanna sna 1940idí? (Féach ar an iontráil do bhliain a 1936, thíos.)

A bhfuil fágtha
d’Ascaill Dhún Charúin
i mbliain a 2025, is í mórán
mar a bhí in aimsir Mháire — d’uinneoin an tarra ⁊ na línte buí…
…dáltha shráidbhaile na Carraige Duibhe féinig — d’uinneoin fairseag na gcappuccinos ⁊ an 5G.

Bliain anaithnid

Chuaigh Máire isteach i gConradh na Gaeilge (Breathnach agus Ní Mhurchú, gd‑b).

Ba thríd an gConradh a bhuail sí um Sheán Brady (28 Mí na Bealtaine 1890 – 24 Mí na Feabhra 1969), an fear a phós sí.

Timpeall ar 1919

Dar le Breathnach agus Ní Mhurchú (gd‑b), ba ag an am seo a thosaigh Máire ar scéalta agus ailt a scríobh do riar páipéar Gaeilge. Ní móide go bhféadfaí páipéir nuachta a ghlaoch ar gach ceann acu ach, chun an ceart a thabhairt, níorbh í sin an aidhm a bhí le gach ceann acu.

  • An Stoc. Páipéar míosúil Gaeilge. D’fhoilsigh Coláiste na hOllscoile Gaillimh é idir na blianta 1917 agus 1920 agus arís ó 1923 go dtí 1931.
  • Fáinne an Lae. Nuachtán seachtainiúil, dhátheangach. An chéad cheann a d’fhoilsigh ábhar i nGaeilge. I mBaile Átha Cliath a foilsíodh é. Dálta roinnt eile a luaitear anseo, is iomaí leagan a chuir an foilseachán air féin. Scríobh Máire don dara leagan de.
  • An Lóchrann. Páipéar míosúil dhátheangach. I dTrá Lí a foilsíodh é idir 1907 agus 1913 agus i gCorcaigh ó 1916 amach.
  • An t‑Éireannach. Nuachtán seachtainiúil Gaeilge. Foilsíodh i mBaile Átha Cliath é idir 1934 agus 1937.
  • An Scuab. Páipéar Gaeilge. I gCorcaigh agus sna Déise a foilsíodh é idir 1920 agus 1925.
  • An Chearnóg. Páipear Gaeilge. Sa Ghaillimh a foilsíodh é idir 1923 agus 1925.

1923

Ceapadh Seán Beaumont (21 Mí na Samhna 1893 – 11 Mí na Nollag 1959) mar Rúnaí ar Choiste Gairm Oideachais Átha Cliath (CDVEC). (Ó Cíosáin, 1993:69). Thiocfadh Beaumont chun cinn mar phearsa suntasach i saolta Mháire agus Shorcha níos sia anonn.

1924

Ghlac Máire le ballraíocht i gComhairle an Fháinne. Tuairiscíodh é seo in Fáinne an Lae san eagrán dár dáta 5 Mí na Feabhra. (Breathnach agus Ní Mhurchú, gd‑b).

Eagras ab ea An Fáinne a bhunaigh baill de Chonradh na Gaeilge i 1916 le dul i ngleic le cúlú na Gaeilge. (Ó Coimín, 2016). Cé go raibh sé neamhspleách go leor ar dtús, súadh isteach sa Chonradh é níos sia anonn. Cuid den bhFáinne ab ea Comhairle an Fháinne.

1925

Ceapadh Seán Beaumont mar Phríomhfheidhmeannach ar Choiste Ghairm Oideachais Chontae Átha Cliath (CDVEC) (Breathnach agus Ní Mhurchú, gd‑a) agus bhunaigh sé an scéim scoláireachtaí dá chuid daltaí. D’fhostaigh sé roinnt cainteoirí dúchais Gaeilge, Máire agus Sorcha Ní Ghuairim ina measc (blianta anaithnid), mar mhúinteoirí.

1926 nó ina dhiaidh sin

Chuir Máire tús lena cuid oibre raidió, láithreoireacht san áireamh, ar aerthonnta náisiúnta na hÉireann. Luann Breathnach agus Ní Mhurchú (gd‑b) 2RN agus Radio Éireann. Ag glacadh leis gur luadar ainmneacha na stáisiún seo go beacht — agus is cinnte gur dhein — tugann sin le tusicint gur cuireadh tús le gairm chraoltóireachta Mháire timpeall ar 1926 agus gur lean sé go dtí 1938 ar a laghad.

B’é 2RN an chéad stáisiún raidió Éireannach. Bunaíodh é i mBaile Átha Cliath ar Lá Caille 1926. Bunaíodh 6CK, an dara ceann, i gCorcaigh ar an 26 Aibreán 1927 — in iar-Phríosún Ban Thobar Rí an Domhnaigh! Cónascadh an péire acu mar aon stáisiún amháin, Radio Athlone, i mbliain a 1933. Glaodh Radio Éireann ar Radio Athlone ag deireadh na bliana 1937…

“Luxembourg, Luxembourg… Athlone.”

…cé go raibh ‘Athlone’ fós le feiscint ar dhiaileanna fhearas raidió a bhí á dtáirgeadh fiche bliain níos sia anonn!

Léiríonn cóipeanna de nuachtáin an lae sin atá fós ar fáil gur chraol Máire ar Radio Athlone uair amháin ar a laghad. (Irish Press, 1936a 1936b).

Is cuimhin lena cuid iníonacha, Martha agus an tSiúir Eileen, a n‑athair á gcruinniú timpeall ar raidió cófra (sa bhaile in 21 Bóthar Oakley) agus iad ina bpáistí le n‑éisteacht lena máthair agus le Sorcha. (Ar Lorg Shorcha, 2007; Ó Loċlainn, 2023).

1927, is ró‑dhócha

Bhí baint ag Máire le The Linguaphone Irish Course mar ealaíontóir gutha. Eisíodh an cúrsa i mbliain a 1928, ath-eisíodh mar dara eagrán i mbliain a 1929 é agus eisíodh arís eile é i mbliain a 1931 (faoin teideal Linguaphone Conversational Course — Irish) mar thríú ceann.

15 Mí Meáin Fhómhair 1927

Toghadh Seán Brady mar Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil do Chontae Átha Cliath. Choimeád sé an suíochán go dtí 1948, tráth ar sheas sé mar iarrathóir Fhianna Fáil i dtoghcheantar Dhún Laoghaire agus Rath an Dúin. Choimeád sé an suíochán sin an chuid eile dá shaol mar Theachta Dála dò, b’shin go dtí 1965

17 go 20 Mí Meáin Fhómhair 1927

Bhuail Máire um Ole Mørk Sandvik as Helgøya san Iorua cúpla uair i mBaile Átha Cliath. (Ó Catháin, 2014:77–84).

Féach ar an iontráil ar Shandvik faoi ‘The Nordic Connection’ chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo.

1928

Thug Máire Sorcha go Baile Átha Cliath chun a cuid meánscolaíochta a chríochnú i gClochar na Toirbhirte i gCnoc Sheoirse (uí Ógáin, 2002a; Ar Lorg Shorcha, 2007). Ag pointe éigin idir é sin agus Deireadh Fómhair 1930, fuair Máire obair múinteoireachta faoi Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath di leis.

Chomhbhunaigh Seán Beaumont Coláiste an Phiarsaigh, coláiste samhraidh Gaeilge ar an Tulach i gCois Fharraige. (Breathnach agus Ní Mhurchú, gd‑a). Bhíodh Máire and Sorcha ag múineadh ann (Breathnach agus Ní Mhurchú, gd‑a).

Do léitheoirí gur beag é a gcuid eolais ar an ábhar, glaodh ‘Coláiste an Phiarsaigh’ ar roinnt mhaith institiúidí dara leibhéal ó 1928 ach ní ann anois don cheann a bhunaigh Beaumont. Agus an t‑alt seo á scríobh (2024), tá coláiste samhraidh Gaeilge fad-bhunaithe ar an Tulach ach níl aon bhaint aige leis an gceann a bhunaigh Seán Beaumont.

Earrach 1929

An lánúin sásta! Seán Brady agus Máire Mháirtín i Roisín na Mainiach nuair a gealladh iad. Seans láidir gur um Cháisc a tógadh an pictiúr seo. (Féach ar an iontráil a leanann.)

An Cháisc 1929

Thug Máire cuairt ar Theach a’ Phiarsaigh ar an nGort Mór, Ros Muc.

Máire ag fuinneog Theach a’ Phiarsaigh.

Ní gá gurbh í seo a céad chuairt ná a ceann deiridh! Tá Teach a’ Phiarsaigh suite cúpla míle soir ó Roisín na Mainiach ar an bpríomhbhóthar go dtí an Ghaillimh. Tarlaíonn gurb é seo an t‑aon phictiúr atá againn a bhfuil dáta air; cé nach dáta cruinn é. ‘Easter 1929’ atá i nóta a scrígh Máire féin ar a chúl.

Seans maith gur tógadh an pictiúr seo agus an ceann roimhe seo nuair a chuaigh Máire and Seán siar go Roisín na Mainiach leis an ngealltanas pósta a fhógairt / a cheiliúradh lena muintir.

Do léitheoirí ar spéis leo comh-tharluithe.

Thit an Cháisc ar na dátaí céanna i 1929 agus i 2024. Dá réir sin, ar an 25 Mí an Mhárta a bhí an Luan a bhí ann roimpi sa dá bhliain. Oíche lán-ghealaí a bhí ann ar an dá Luan seo, gan dabht.

Ní fheadraíos gurb amhlaidh a bhí nuair a shocraíos ar an láithreán seo a fhoilsiú ar an 25 Mí an Mhárta 2024. Tharla go raibh sé ullamh chun cur os comhair an phobail cothrom 95 bliain ó gealladh Máire agus Seán — ach níor pleanáladh é.

Nár bhuaigh sé glan?

12 Mí Meáin Fhómhair 1929

NB: Tógadh an iontráil seo ó Ó Loċlainn (2023) agus ní thagann sé le Nolan (2022), Breathnach agus Ní Mhurchú (gd‑b) et‑c… i gcás fo‑mhionphointe

Pósadh Máire agus Seán Brady i Seipéal Naomh Eoin Baiste, ar an gCarraig Dhubh.

An lánúin sásta, a muintir agus a gcuid cairde! Bainis Mháire agus Sheáin.

Cuirtear síos ar Sheán mar ‘Thaistealaí Tráchtála” sa teastas pósta agus luaitear gurbh iad William Brady agus Sarah Guairim [sic] a sheas leo. B’shin í Sorcha, Sarah Mháirtín Bheairtle Mháirtín, ar glaodh ‘Sarah Mháirtín’ uirthi de ghnáth.

Séipéal Naomh Eoin Baiste
i mbliain a 2025,
is é feicthe ón gcúl.
An séipéal arís,
is é feicthe ón dtaobh.
An Altóir.
Fuinneog ghloine dhaite,
a cuireadh sa séipéal
i mbliain a 1953…
… i gcuimhne ar
Bhrigid Patricia Mc Guire.
Abhar súntais í an fhuinneog so
de bharr an léirithe de Naomh Bríd
(atá sa phána ar chlé).

Bhí cónaí ar Sheán sa teach Qui‑Si‑Sana (‘kee-see-sanna’) ar an gCarraig Dhubh nuair a phósadar.

Ar feadh bliain nó dhó tar éis an phósta, chónaigh Seán agus Máire i dteaichín tuaithe in Áth na Sceire i gContae Chill Mantáin. Is cuimhin le Martha, iníon Mháire, comhartha do ‘Parknasilla’ — agus í cinnte den litriú sin — ach is dealraitheach nach bhfuil aon áit go bhfuil an t‑ainm sin uirthi in Áth na Sceire i mbliain a 2024. Tá Páirc na Saileog ann, ceart go leor, i gCúirt an Phaoraigh, ach níor ghá gurb í an ball céanna. B’fhéidir gur i bPáirc na Saileach éigin a tógadh an teaichín? Nó b’fhéidir gur ainm cheantair logánta atá scaoilte i ndearmad anois de bharr uirbiú na dúichí í Páirc na Saileach? Nó b’fhéidir gur ‘Parknasilla’ an t‑ainm a bhí ar an teaichín féin?

Timpeall ar 1931

Bhog Máire agus Seán go Teach Fhiodh Cuillinn ar Bhóthar Oakley i mBaile Átha Cliath.

I dTeach Fhiodh Cuillinn is ea a bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna an chéad lá, gan dabht. Gaelscoil Lios na nÓg atá ann i mbliain a 2024. Is féidir stair chuimsitheach an fhoirgnimh a léamh ar a láithreán gréasán siúd.

Timpeall ar 1933

Bhog Máire agus Seán béal dorais díreach go 21 Bóthar Oakley. Ní raibh ach an pasáiste is lú idir Teach Fhiodh Cuillinn agus uimhir 21.

1944

Bhog Máire agus Seán go Summerville ar an mBóthar Trasna, áit a rabhadar trasna an bhóthair ó Éamon de Valera is a theaghlach. Nuair a d’fhágadar Summerville, bhog Kevin Dixon, an t‑Ard Aighne, isteach ann ina ndiaidh.

1945

Bhog Máire agus Seán ar ais go 21 Bóthar Oakley, áit ar fhanadar an chuid eile dá saol.

19 Mí na Lúnasa 1931

Rugadh Ciarán, mac Mháire agus Sheáin.

Máire le Ciarán, agus é óg.
Rogha samplach as scríbhínní Chiaráin ar Mháire agus ar Shorcha. Níl dáta ar an gcáipéis áirithe seo ach is dealraitheach gur cuid de shraith cuimhní cinn atá ann. Tá dátaí ar chuid eile acu seo ag pointí éagsúla le linn 2019.

1933

Rugadh Martha Máire, iníon Mháire agus Sheáin.

Martha i bhfochair a dearthár Fiachra i Roisín na Mainiach.

Mionphointe eolais: Is cuimhin le Martha go mbíodh Máire ag múineadh do na Siúracha Doiminiceánacha i gCabrach uair éigin ach ní cuimhin léi an bhliain / na blianta. Sí sin an chúis gur cuireadh isteach anseo é.

1934

Rugadh Eileen Bláthnaid, iníon Mháire agus Sheáin.

Chuaigh Eileen isteach in ord rialta Chuallacht an Chroí Rónaofa ar fhágaint na scoile di.

Is í an tSiúir Eileen a dhein cuid mhaith den bhuntaighde ar an teaghlach atá curtha ar fáil i saothar Nolan (2022).

Máire, Seán agus an tSiúir Eileen ag Aerfort Átha Cliath timpeall ar 1955. Bhí Eileen ag dul go coláiste oiliúna i nDùn Èideann tar éis di glacadh lena cuid móideanna deireanacha.

27 Deireadh Fómhair 1934 go 2 Feabhra 1937

D’fhoilsigh An t‑Éireannach chúig ghearrscéal déag agus dán amháin de chuid Mháire, iad go léir scríofa do pháistí.

Is finscéalta a bheag nó a mhór atá iontu agus is óid cheanúil do pháiste óg atá sa dán.

Féach ar Ceol na Mara — Gearrscéalta do Pháistí chun teacht ar bhreis eolais agus chun teacht ar liosta iomlán de dhátaí a bhfoilsithe.

An gearrscéal Ceol na Mara in An t‑Éireannach.

11 Mí Aibreáin1934

Cailleadh Ceaití, máthair Mháire. Tuairiscíodh é seo sa cholún ‘Recent Deaths’ san Irish Independent:

Mrs. Catherine Guairim, Rusheenamanagh, Carna, Co. Galway, who has died. Was the mother of Máire Ní Ghuairim (wife of Mr. Seán Brady, T.D.), and of Sorcha Ní Ghuairim, both of whom are well known in Dublin Gaelic and broadcasting circles. Deceased was a traditional singer, and was sought after by many well-known collectors, who obtained from her many unpublished airs.

Irish Independent, 1934

1936

Rugadh Fiachra Lawrence, mac Mháire agus Sheáin.

Eileen, Máire ⁊ Fiachra i dtailte Choláiste Choill Chluana Gabhann timpeall ar 1949. Bhíodar ar cuairt ar Chiarán, a bhí ar scoil ann an uair sin.

3 Mí an Mhárta 1936; 5.30 i.n.

Bhí Máire i bhfochair Shorcha ar chlár raidió Uair i dTír na nÓg, a craoladh ar Radio Athlone. (Irish Press, 1936a 1936b).

1938

D’fhill Máire ar ghearrscéalta léi a céadfoilsíodh in An t‑Éireannach agus in áiteanna eile agus d’eisigh iad mar leabhar (Ní Ghuairim, 1938) faoin teideal Ceol na Mara.

Tá trí ghearrscéal ar fhichid agus dhá dhán sa gcnuasach. Marion King a dhein na léaráidí. Brún ⁊ Ó Nualláin Teoranta a d’fhoilsigh.

Féach ar Ceol na Mara — Sraith Gearrscéalta do Pháistí — chun teacht ar eolas breise.

Clúdach tosaigh dhiolaim 1938 Ceol na Mara.

2 Mí na Nollag 1941

Cailleadh Máirtín, athair Mháire. (Nolan, 2022).

1944

Feachtas toghchánaíochta Sheáin Brady don 12ú Dáil Éireann.

Dúirt Martha agus an tSiúir Eileen gur tógadh an pictiúr seo thíos sna daichidí. (Ó Loċlainn, 2023). Ciallaíonn sé sin gur tógadh é sna seachtainí roimh an toghchán ar an 23 Mí an Mheithimh 1943 nó sna seachtainí roimh an gceann ar an 30 Mí na Bealtaine 1944.

P.J. Fogarty (ar chlé) agus Seán Brady i mbun stocaireachta roimh olltoghchán 1943 nó, is ró‑dhócha, 1944.

Seacht ndócha gurb é an dara dáta an ceann ceart, os rud é go bhfuil an postaer ag spreagadh tromlach d’Fhianna Fáil. Chaill an páirtí sin an tromlach a bhí acu i dtoghchán na bliana 1943. Iarracht, a raibh rath air, a bhí i dtoghchán 1944 an tromlach sin a fháil ar ais. Is féidir toghchán 4 Mí na Feabhra 1948 a chur as an áireamh mar gur cailleadh P.J. Fogarty i Mí na Bealtaine 1947 agus mar gur cuimhin le Martha agus Eileen gurbh éigean cairt capaill a úsáid de dheasca na teirce díosail a bhí ann le linn an chogaidh.

Ní fios an gramafón nó córas fógairt phoiblí a bhí san adharc fuaime. Is cuimhin le Martha agus le hEileen gur bhain a n‑athair úsáid as an dá rud le linn toghchánaíochta. Maidir leis an ngramafón, is cuimhin leo, leis, gur bhain a n‑athair úsáid as leagan Come Along, Come Along de Null do dh’Uidhist ar na feachtais seo.

An Nollaig 1947

Sean agus Máire ag tabhairt aire do Veronica sa gháirdín in 21 Bóthar Oakley. Is cuimhin leis an tSiúir Eileen Martha agus Máire a bheith á cur.

D’ainneoin gur léir an aimsir a bheith bog agus d’ainneoin an t‑easpa cótaí móra, is cinnte gur tógadh an pictiúr seo um Nollaig 1947 mar tá an dáta sin ar a chúl i lámh Mhartha. Codarsnacht mhór leis an bplúchadh sneachta fíochmhar, a bhuail an tír i dtús na bliana sin.

1949 nó 1950

Thug an Dochtúir Olle Lagerlöf as Stócólm cuairt gan choinne ar Mháire.

Féach ar chuimhní cinn Chiarán Brady ar chuairt Lagerlöf (Brady, 2019) faoi ‘The Nordic Connection’ chun teacht ar an scéal ina iomláine.

1952

Martha agus Máire sa gháirdín ag 21 Bóthar Oakley. Is cuimhin le Martha a bheith naoi mbliana déag nuair a tógadh an pictiúr seo. Beauty (ón gcapall Black Beauty) an Brocaire Albanach, bronntanas a tugadh d’Fhiachra, atá ag cosa Mhartha. (Ó Loċlainn, 2023).

15 Mí Deireadh Fómhair 1964

Cailleadh Máire sa bhaile de dhroim rith fola ceirbeach. Tá sí curtha i bplota Naomh Bhríde i Reilig Ghráinseach an Déin, Contae Átha Cliath. (Brady, gd).

Ar dheis Dé go raibh a hanam.

Tagairtí

Is féidir teacht ar na tagairtí a luaitear sa bheathaisnéis seo ar an leathanach Tagairtí.

Buíochas

Táim fé chomaoin ag muintir Bhrady agus muintir Ghuairim as an mbeathaisnéis seo a sheiceáil is a phrofáil agus as cuid mhaith den ábhar a chur ar fáil. Is orm‑sa atá an locht má tá earráidí nó míchruinneas fós ann.